Discover millions of ebooks, audiobooks, and so much more with a free trial

Only $11.99/month after trial. Cancel anytime.

Éasca Péasca: Scéal Eile 1
Éasca Péasca: Scéal Eile 1
Éasca Péasca: Scéal Eile 1
Ebook38 pages13 minutes

Éasca Péasca: Scéal Eile 1

Rating: 0 out of 5 stars

()

Read preview

About this ebook

Feighlí? Tá Niamh agus Aonghus rómhór le feighlí a bheith acu. Nó sin a cheapann siadsan.
Ach té tuairimí eile ag an au pair nua ... agus cleasanna nua aici freisin!
When eleven-year-old Niamh and nine-year-old Aonghus are left in the care of Marie-Claire they are not pleased.

They think they are too old for a babysitter and they have successfully gotten rid of seven of Marie-Claire's predecessors by playing nasty tricks on them.This one looks almost too easy – easy peasy – ÉASCA PÉASCA in fact!
However, Marie-Claire is no pushover. There's something 'knowing' about her. Soon the terrible twosome find out that Marie-Claire has special powers, powers that she has no problem using against the children and their tricks......
LanguageGaeilge
Release dateSep 1, 2012
ISBN9781847173935
Éasca Péasca: Scéal Eile 1
Author

Aine Ní Ghlinn

Tá 35 leabhar foilsithe ag Áine Ní Ghlinn agus bhí sí ina Laureate na nÓg don tréimhse 2020 – 2023. I measc na nduaiseanna atá buaite aici, tá Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana (2014, 2016, 2019 do na húrscéalta Daideo, Hata Zú Mhamó & Boscadán), Gradam Ficsin, Leabhair Pháistí Éireann & Gradam Leabhar na Bliana, Cumann Litearthachta na hÉireann (Daideo, 2015) chomh maith le go leor duaiseanna Oireachtais. Áine Ní Ghlinn has published 35 books, and has won many prizes. She was Ireland's Laureate na nÓg 2020-2023. 

Related to Éasca Péasca

Related ebooks

Related categories

Reviews for Éasca Péasca

Rating: 0 out of 5 stars
0 ratings

0 ratings0 reviews

What did you think?

Tap to rate

Review must be at least 10 words

    Book preview

    Éasca Péasca - Aine Ní Ghlinn

    I

    ‘Bígí go maith anois. Beidh sí anseo nóiméad ar bith.’ Bhreathnaigh Daid ar an mbeirt pháistí. ‘Seo í an seachtú au pair a bhí againn i mbliana,’ ar seisean. ‘Má imíonn sí seo…’

    Rinne Niamh meangadh gáire séimh. Shílfeá nach leáfadh an t-im ina béal.

    ‘Má imíonn sí,’ ar sise, ‘ní orainn a bheidh an locht.’

    Chaoch sí súil ar a deartháir.

    ‘Bímidne go maith i gcónaí.’

    Bhain Daid searradh as a ghuaillí agus amach leis as an gcistin.

    A luaithe is a bhí sé imithe thosaigh Aonghus ag comhaireamh ar a mhéara. ‘Consuelo, Maria Louisa, Lola … Ansin Silvia, Suzanne agus Blanca. Nó ar tháinig Silvia roimh Mharia Louisa?’

    ‘Is cuma,’ arsa Niamh. ‘Níor mhair aon duine acu ach lá nó dhó!’

    ‘Tá dul amú ort,’ arsa Aonghus. ‘Níor mhair Blanca ach seacht n-uaire an chloig. Nach cuimhin leat? A luaithe is a tháinig Daid abhaile bhailigh sí léi amach an doras!’

    ‘Meas tú cén deifir a bhí uirthi?’ arsa Niamh. Í an-dáiríre mar dhea.

    ‘Níl a fhios agam,’ arsa Aonghus.

    Enjoying the preview?
    Page 1 of 1